Polasaí Sócmhainní Seasta
Cloíonn Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le treoirlínte arna n-eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí Seachadadh agus Athchóiriú an Phlean Forbartha Náisiúnta maidir le caipitliú agus bainistíocht sócmhainní seasta.
Is féidir féachaint ar an gciorclán is déanaí, Méadú 21/2020 ar an Tairseach Luacha chun Sócmhainní a Áireamh sa Chlár Sócmhainní anseo.
Tá freagracht fhoriomlán ar an Oifigeach Cuntasaíochta as sócmhainní a chosaint.
I gcomhréir leis na treoirlínte ábhartha agus leis an dea-chleachtas, coinnítear clár sócmhainní seasta (FAR) chun cosaint sócmhainní a chinntiú.
Déantar gach sócmhainn de luach €10,000 agus os a chionn a thaifeadadh ar an gCóras Bainistíochta Airgeadais (FMS) atá á chothabháil ag an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte agus a nochtar sna nótaí don chuntas leithreasa.
Déanann an tAonad Saoráidí agus Oibríochtaí TFC sócmhainní den luach faoi bhun na tairsí sin a thaifeadadh agus a chothabháil.
Déantar sócmhainní seasta a ghrúpáil in dhá phríomhchatagóir: Crua-earraí agus bogearraí TF agus daingneáin, feistis agus troscán.
Tá bainisteoir an Aonaid Áiseanna agus Oibríochtaí TFC freagrach as sócmhainní seasta a fháil, a rialú, a chothabháil agus a dhiúscairt de réir na dtreoirlínte is infheidhme.
Déantar FAR a nuashonrú de réir mar a fhaightear agus / nó a dhiúscraítear na sócmhainní. Déantar fíorú fisiciúil ar na sócmhainní gach bliain.
Sócmhainní seasta a fháil
Ní mór don Leas-Stiúrthóir atá i gceannas ar Sheirbhísí Lárnacha sócmhainní seasta an luacha caipitlithe a fháil roimh ré. Chun sócmhainní os cionn €250,000 a cheannach, teastaíonn cás gnó agus faomhadh an Oifigigh Chuntasaíochta.
Diúscairt sócmhainní seasta
Ní mór diúscairt sócmhainní a cheadú ag an leibhéal cuí m.sh. ag an Oifigeach Cuntasaíochta má tá na sócmhainní den luach carnach níos mó ná €10,000 agus ag an Leas-Stiúrthóir atá i gceannas ar na Seirbhísí Lárnacha má tá luach na sócmhainní faoi bhun na tairsí sin.
Tá cás gnó ag teastáil chun sócmhainní a dhiúscairt a bhfuil saol úsáideach fágtha acu nach ndearnadh dímheas iomlán orthu.
Ní mór go n-áireofaí sa chás cúis inmharthana a meastar nach bhfuil an tsócmhainn oiriúnach a thuilleadh, modhanna diúscartha agus, i gcás inarb ábhartha, togra le haghaidh athsholáthair.
Tá beartas athsholáthair trealaimh na hOifige bunaithe ar riachtanais ghnó.
Ní mór sonraí iomlána na ndiúscairtí go léir a chur faoi bhráid an Aonaid Tacaíochta Airgeadais agus Rialachais ionas gur féidir na coigeartuithe cuí a dhéanamh ar FAR nuair is cuí.
Déantar gach trealamh TF a dhiúscairt i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha um chosaint an chomhshaoil.
Leanann an Oifig forálacha Threoir AE 2002/96/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL).
Clár Sócmhsinní Seasta
Is féidir cóipeanna de Chlár Sóchainní Seasta na hOifige a fháil anseo.